Folúntas Cúntóir Teanga Ceantar na Carraige.

Published: Thursday, 29 November 2018

Folúntas Cúntóir Teanga Ceantar na Carraige. Tá Muintearas ag cuartú duine le dul i mbun oibre mar Chúntóir Teanga. Is post páirt-aimseartha é seo 6 uair sa tseachtain.

Beidh an Cúntóir ag obair le:

• páistí nach í an Ghaeilge a dteanga dúchais;

• páistí a bhfuil cuidiú sa bhreis de dhíth orthu i dtaobh na teanga de,

Beidh an té a cheapfar ag obair faoi stiúir an phríomhoide / mhúinteora ranga.

Tá sé riachtanach go mbeidh Ghaeilge líofa ag an té a cheapfar, maraon le cruinneas labhartha agus scríofa. Ba bhuntáiste é taithí a bheith aige/aici ar a bheith ag obair le páistí, agus a bheith ag obair mar bhall d'fhoireann. Má tá suim agat sa bpost, seol litir iarratais agus CV chuig:

Muintearas Thír Chonaill

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Na Doirí Beaga

Leitir Ceanainn

Co. Dhún na nGall.

Roimh Dé hAoine 30/11/2018.

Tá an post seo maoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta.

Tá Scéim na gCúntóirí Teanga á reáchtáil ag Muintearas thar ceann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta i dTír Chonaill. Is fostóir deiseanna comhionannais é Muintearas

 

Hits: 3839
powered by social2s