Vótil do Shane Ó Curraighín

Shane Ó Curraighín - GRADAM106

Físiriseoir le www.meoneile.ie é Shane Ó Curraighín. Tá Shane ag tuairisciú faoi shaol na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ó bunaíodh Meon Eile i 2012. Is tráchtaire é le Blas ar BBC Raidió Uladh ó 2013 agus is léachtóir páirtaimseartha é le Fiontar DCU. Bhí sé chun tosaigh i dtuairsciú ar fheachtas ‘Tuistí an Tuaiscirt’ ar son córas iompar méanscoile i mBéal Feirste chomh maith le leithcheal Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann ar an Ghaeilge.

Is as Teileann i dTír Chonaill do Shane Ó Curraighín. Thosaigh sé ag obair sna meáin Ghaeilge le Raidió na Life mar léitheoir nuachta agus mar láithreoir ar an chlár, ‘Spórt an Aoine’. Tá tréimhse caite ag Shane mar thuairisceoir réigiúnach le Nuacht RTÉ/TG4. Scríobh sé ailt do Beo, Foinse agus Gaelscéal. Is trí pháirt a ghlacadh i gcomórtas le Foinse agus Abair Gael Linn a chuir Shane spéis sna meáin. Baineann sé sult as scéalta na nGaeilgeoirí ó thuaidh a insint. Bíonn sé ag scéalaíocht fosta faoi eachtraí Fhionn Mhic Cumhaill agus tá duaiseanna Oireachtais bainte amach aige sa Scéalaíocht agus sa Dreas Cainte!

CHUN VÓTÁIL AR SON SHANE Ó CURRAIGHÍN

téacsáil GRADAM106

 

chuig 57003 má tá tú ag téacsáil ó Phoblacht na hÉireann

powered by social2s